Artwork

Innehåll tillhandahållet av Conradh na Gaeilge i Londain. Allt poddinnehåll inklusive avsnitt, grafik och podcastbeskrivningar laddas upp och tillhandahålls direkt av Conradh na Gaeilge i Londain eller deras podcastplattformspartner. Om du tror att någon använder ditt upphovsrättsskyddade verk utan din tillåtelse kan du följa processen som beskrivs här https://sv.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå offline med appen Player FM !

10 Lúnasa 2024 (An Dún)

5:23
 
Dela
 
Manage episode 433453321 series 2770343
Innehåll tillhandahållet av Conradh na Gaeilge i Londain. Allt poddinnehåll inklusive avsnitt, grafik och podcastbeskrivningar laddas upp och tillhandahålls direkt av Conradh na Gaeilge i Londain eller deras podcastplattformspartner. Om du tror att någon använder ditt upphovsrättsskyddade verk utan din tillåtelse kan du följa processen som beskrivs här https://sv.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiaidh do ghrúpa mór daoine óga toiseacht ag caitheamh uibheacha. Fágadh mionghortuithe aghaidhe ar dhéagóir a bhí bainte leis an ionsaí, a bhfuil na póilíní ag caitheamh leis mar eachtra fuatha. Dúirt an tUasal Wartty go ndearnadh ionsaí ar an tsiopa fosta, a dhúnfar ag an deireadh seachtaine, i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana seo. “Ba mhaith linn an fhoireann, ár gcustaiméirí agus muid féin a shábháil ón bhaol agus ní mór dúinn an siopa a dhúnadh mar gheall ar an ionsaí,” a dúirt sé leis an Nolan Show ar BBC Raidió Uladh. "Ní hé seo an chéad uair a tharla eachtra mar seo, ná an dara huair," a dúirt sé.

Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn an tseachtain seo nuair a bhuaigh Katie Harrington an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile. Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban Dé Máirt ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag damhsa san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi in Roland Garros. Craoladh an troid beo ar scáileán mór i bPáirc an Diamaint, agus slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.

Tá triúr fear curtha i bpríosúin, i ndiaidh dóibh admháil go raibh siad páirteach i gcíréibeacha in Southport agus i Learpholl sna laethanta i ndiaidh márú triúr cailíní. Chuaigh corraíl fhorleathan i bhfeidhm ar bhailte agus ar chathracha Shasana ó maraíodh Bebe King, Elsie Dot Stancombe agus Alice da Silva Aguiar ar an 29 Iúil. Gearradh téarma trí bliana ar Derek Drummond, 58, as dorn a bhualadh ar phóilín le linn foréigin in Southport. Gearradh dhá bhliain agus cúig mhí i bpríosún ar Declan Geiran, 29, mar gheall ar achrann foréigneach agus feithicil póilíneachta a chur trí thine, agus gearradh bliain go leith i bpríosún ar Liam James Riley, 40 bliain d’aois, as achrann foréigneach agus iompar maslach ciníoch. Tharla an chorraíl, a chonacthas i mbailte agus i gcathracha ar fud Sasana, i ndiaidh faisnéis mhícheart a scaipeadh ar líne a thug le tuiscint gur iarrthóir tearmainn a bhí faoi amhras maidir le hionsaí scian Southport.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

mionghortuithe aghaidhe - minor face injuries

eachtra fuatha - hate incident

bua stairiúil - historic victory

imithe le báiní - going crazy

achrann foréigneach - violent disorder

iompar maslach ciníoch - offensive racist behaviour

  continue reading

251 episoder

Artwork

10 Lúnasa 2024 (An Dún)

Nuacht Mhall

44 subscribers

published

iconDela
 
所有剧集

×
 
Loading …

Välkommen till Player FM

Player FM scannar webben för högkvalitativa podcasts för dig att njuta av nu direkt. Den är den bästa podcast-appen och den fungerar med Android, Iphone och webben. Bli medlem för att synka prenumerationer mellan enheter.

Snabbguide